Purpose of the Fund / Cuspóir an Chiste:

The Ultach Fund was established with capital from The Iontaobhas Ultach Trust.  It exists to support the work of communities across Northern Ireland who wish to use and promote the Irish language, through the work of registered charities, voluntary and community groups.

Established in 1989 the Trust promoted the Irish language as part of Northern Ireland’s shared cultural heritage. The Trust in its lifetime invested over £2 million in a wide range of activities.  The Trust sought to maximise impact and added value wherever possible. The support of voluntary activity was a priority and the Trust’s grants programme gave recognition and encouragement to groups and individuals who were working on the ground. They included a geographically diverse range of community groups running classes, Irish language social events and talks.

The Ultach Fund is now managed and administered by the Community Foundation which is delighted to continue to fund grass roots community and voluntary groups to promote the Irish language.

Is le caipiteal ó Iontaobhas Ultach a bunaíodh an Ciste Ultach.  Tá sé ann le tacú le pobail ar fud Thuaisceart Éireann ar mian leo an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn trí obair carthanas cláraithe, grúpaí deonacha agus grúpaí pobail.

In 1989 a bunaíodh an tIontaobhas agus chuir sé an Ghaeilge chun cinn mar chuid d’oidhreacht chultúrtha chomhroinnte Thuaisceart Éireann. Lena linn d’infheistigh an tIontaobhas corradh le £2 mhilliún i réimse leathan de ghníomhaíochtaí.  Ba mhian leis an Iontaobhas a oiread tionchair agus breisluacha a bheith aige nuair ab fhéidir é. Bhí tacaíocht le gníomhaíocht dheonach ar na tosaíochtaí aige agus le clár deontas an Iontaobhais tugadh aitheantas agus spreagadh do ghrúpaí agus do dhaoine aonair a bhí ag obair ar an talamh. Ina measc sin bhí grúpaí pobail as áiteanna éagsúla ag reáchtáil ranganna, imeachtaí Gaeilge agus cainteanna.

Tá an Ciste Ultach á bhainistiú agus á riarú anois ag an Chiste Pobail a bhfuil lúcháir air leanúint leis an mhaoiniú do gháthghrúpaí pobail agus gnáthghrúpaí deonacha leis an Ghaeilge a chur chun cinn.

Who Can Apply? / Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh?:

The fund is open to registered charities and constituted grass roots community and voluntary groups based in Northern Ireland.  Priority is given to applications from small groups, typically with an annual revenue income of less than £250,000 (excluding capital income), as evidenced in the most recent set of accounts.  Priority is given to Irish language organisations, should the fund be oversubscribed.

Tá an ciste oscailte do charthanais chláraithe agus do ghnáthghrúpaí pobail agus gnáthghrúpaí deonacha bunaithe atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann.  Tugtar tús áite d’iarratais ó ghrúpaí beaga, de ghnáth grúpaí le teacht isteach bliantúil de níos lú ná £250,000 (gan ioncam caipitil a chur san áireamh), mar atá le feiceáil sa tsraith cuntas is deireanaí.  Tugtar tús áite d’eagraíochtaí Gaeilge, má tá ró-éileamh ar an chiste.

We Will Fund / Maoineoimid:

  • Projects that promote and encourage the use of the Irish language at community level.
  • Priority is given to projects that promote the active use of and/or engagement with the Irish language.
  • Projects that demonstrate cross-community aspects and/or reach new audiences.
  • Projects that use innovative creative approaches.
  • Venue hire costs are eligible, however cannot exceed more than 15% of the total grant.

Grants Available: Up to £2,000

In exceptional circumstances the panel may decide to award larger grants, at their discretion, and in line with the current criteria.

  • Tionscadail a chuireann chun cinn agus a spreagann úsáid na Gaeilge ag leibhéal pobail.
  • Tugtar tús áite do thionscadail a chuireann chun cinn úsáid ghníomhach na Gaeilge agus/nó plé léi.
  • Tionscadail a léiríonn gnéithe trasphobail agus/nó a shíneann amach chuig lucht éisteachta nua.
  • Tionscadail a úsáideann cur chun cinn nuálach cruthaitheach.
  • Tá costais ar ionaid a fháil ar cíos incháilithe, ach ní féidir leo a bheith níos mó ná 15% den deontas iomlán.

Deontais atá ar Fáil: Suas le £2,000

I gcásanna eisceachtúla b’fhéidir go socródh an painéal deontais níos mó a bhronnadh, faoina rogha féin agus de réir na gcritéar reatha.

Examples of Types of Projects / Samplaí de Chineálacha Tionscadail:

Promotion of the Irish language through, but are not limited to:

  • Irish language classes for adults and/or children
  • Irish language social events for adults and/or children
  • Production of Irish language learning or awareness resources
  • Family-centred projects
  • Irish language-based arts activities for school children

Topics could include, but are not limited to:

  • A range of Irish language classes for adult learners of Irish
  • Irish language awareness events, i.e. talks and presentations on various aspects of Irish language and culture
  • Irish language conversation circles
  • Irish language social events which promote opportunities to use the Irish language
  • Irish language resources for adult learners of Irish

Cur chun cinn na Gaeilge trí na rudaí a leanas ach glactar le rudaí eile:

  • Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta agus/nó do pháistí
  • Imeachtaí sóisialta Gaeilge do dhaoine fásta agus/nó do pháistí
  • Soláthar áiseanna foghlama nó áiseanna feasachta Gaeilge
  • Tionscadail theaghlachlárnacha
  • Gníomhaíochtaí ealaíne Gaeilgebhunaithe do pháistí scoile

D’’fhéadfadh na topaicí seo a leanas agus topaicí nach iad a bheith ann:

  • Réimse de ranganna Gaeilge d’fhoghaimeoirí fásta Gaeilge
  • Imeachtaí feasachta Gaeilge, i.e. cainteanna agus cur i láthair ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus de chultúr na hÉireann
  • Ciorcail chomhrá Ghaeilge
  • Imeachtaí sóisialta Gaeilge a chuireann deiseanna ar fáil leis an Ghaeilge a úsáid
  • Áiseanna Gaeilge d’fhoghaimeoirí fásta Gaeilge

We Will Not Fund / Ní Mhaoineoimid:

  • The Community Foundation will not fund organisations or activities which promote causes that are contrary to our purposes. Causes and activities that are contrary to our purposes include, but may not be limited to, those outlined in our investment policy.  We will not therefore fund organisations or activities which we determine are linked to the promotion of armaments, alcohol, human rights abuses, tobacco or pornography;
  • The advancement of religion.  This includes organisations whose purposes include the advancement of religion;
  • The establishment of endowment of any school or institution providing further education within the meaning of the Education and Libraries (Northern Ireland) Order 1972;
  • The provision of assistance to any Housing Association within the meaning of the Housing (Northern Ireland) Order 1976;
  • Promotion of religious or political activity, including any flags and emblems that may deem to be associated with such;
  • CIC Companies Limited by Shares, or CICs without an asset lock clause.  Eligible CICs must have at least three unrelated committee members, and/or the majority of the committee unrelated;
  • Trips outside of Northern Ireland;
  • Applications from individuals;
  • Applications from statutory organisations;
  • Projects lasting longer than twelve months;
  • Salaries;
  • Purchase of vehicles;
  • Holiday schemes;
  • Parties and shopping trips;
  • Activities that duplicate existing services;
  • Retrospective funding;
  • Substitution for statutory funding;
  • Capital costs;
  • Signage;
  • Administration/management fees;
  • Groups who have not complied with previous monitoring requirements;
  • Organisations with an annual revenue income exceeding £250,000 (excluding capital income).
  • Ní mhaoineoidh an tIontaobhas Pobail eagraíochtaí nó gníomhaíochtaí a chuireann chun cinn cúiseanna atá in aghaidh ár gcuspóirí. Áirítear sna cúiseanna agus sna gníomhaíochtaí atá in aghaidh ár gcuspóirí, chomh maith le rudaí eile nach iad, na cinn atá luaite inár bpolasaí infheistíochta.  Mar sin de ní mhaoineoimid eagraíochtaí nó gníomhaíochtaí a shocraímid atá ceangailte leis na rudaí seo a chun cinn  – armáil, alcól, leatrom ar chearta an duine, tobac nó pornagrafaíocht;
  • Cur chun cinn reiligiúin.  Áirítear leis seo eagraíochtaí a bhfuil cur chun cinn reiligiúin ar na cuspóirí s’acu;
  • Maoiniú scoil nó institiúid ar bith a bhunú a sholáthraíonn breisoideachas taobh istigh de bhrí Education and Libraries (Northern Ireland) Order 1972  – An tOrdú um Oideachas agus Leabharlanna (Tuaisceart Éireann) 1972;
  • Soláthar cúnaimh do Chumann Tithíochta ar bith taobh istigh de bhrí Housing (Northern Ireland) Order 1976 – an tOrdú um Thithíocht (Tuaisceart Éireann) 1976;
  • Cur chun cinn gníomhaíocht ar bith reiligiúin nó polaitíochta, lena n-áirítear bratacha nó suiatheantais ar bith a shíltear a bheith bainteach lena leithéid;
  • Cuideachtaí Leas an Phobail (CICs) Faoi Theorainn Scaireanna, nó CICs gan chlásal ghlasáilte sóchmhainne.  Ní mór do CICs incháilithe trí bhall coiste ar a laghad nach bhfuil muinteartha dá chéile a bheith acu, agus/nó bunús an choiste gan bheith muinteartha dá chéile;
  • Turais taobh amuigh de Thuaisceart Éireann;
  • Iarratais ó dhaoine aonair;
  • Iarratais ó eagraíochtaí reachtúla;
  • Tionscadail a mhaireann níos faide ná dhá mhí dhéag;
  • Tuarastail;
  • Ceannach feithiclí;
  • Scéimeanna laethanta saoire;
  • Cóisirí agus turais siopadóireachta;
  • Gníomhaíochtaí a dhéanann aithris ar sheirbhísí atá ann cheana féin;
  • Maoiniú iardhearcach;
  • Rud a chur in áit maoiniú reachtúil;
  • Costais chaipitil;
  • Comharthaíocht
  • Táillí riaracháin/ bainistíochta;
  • Grúpaí nár chloígh le riachtanais mhnonátóireachta a bhí ann roimhe;
  • Eagraíochtaí le hioncam bliantúil atá níos mó ná  £250,000 (gan ioncam caipitil san áireamh).

APPLY NOW / CUIR ISTEACH ANOIS

If you require any help with this application, please contact the Community Foundation for Northern Ireland Grants and Donor Care Team on 028 9024 5927.

It is recommended that you read our Grant FAQs before starting your grant application.

Má tá cuidiú ar bith de dhíth ort leis an iarratas seo, déan teagmháil le Community Foundation for Northern Ireland Grants and Donor Care Team ar 028 9024 5927.

Moltar na ceisteanna coitianta maidir leis an deontas a léamh roimh an iarratas a dhéanamh.

To view Grant FAQs /Ceisteanna coitianta maidir le deontais – click here

In 2021 the success rate for applications to this fund was 59%

In 2021 ba é 59% an ráta ratha d’iarratais chuig an chiste seo

Please note applicants that currently hold a live Ultach Fund grant are not eligible to re-apply in any new round until all outstanding information is provided for the current grant held.  This includes details of spend and any monitoring.

Tabhair do d’aire nach bhfuil iarrthóirí a bhfuil deontas beo de chuid an Chiste Ultaigh acu faoi láthair i dteideal cur isteach arís i mbabhta ar bith úr go dtí go soláthraítear an t-eolas uilig nár tugadh faoin deontas reatha atá acu. Áirítear leis sin sonraí caiteachais agus monatóireacht ar bith.